Píobaire
agus seinnteoir feadóige as Baile Átha Cliath is ea
Brian
Ó hUiginn .Tá ceolchoimeacha seinnte
aige i bhfad agus i bhfos in Éirinn agus thar lear le bannaí
ceoil traidisiúnta agua comhaimseartha, maraon le seinnt aonair.
Luann sé traidisiúin amhranaíochta
gaeilge na hÉireann agus, thar rud ar bith eile amhránaíocht
na Gaidhlige ar na rudaí ba mhó tionchar air. In éindí
le seo bhí tionchar mór ag ceoltóirí traidisúnta
ó ghlúinte éagsúla in Éirinn, in Albain
agus i gCéip Bhreatainn i gCanada air.
Sheinn sé leis an gcumadóir leictreo-acústach
comhaimseartha Roger Doyle ag seinnt píosaí dá chuid
ag féile Wien Modern i Vienna agus leis
an Netherlands Blazers ensemlear chamchuaird san Ísiltír.
Sheinn sé agus thaifead sé freisin
san Aifric theas le Baroque 2000 ; ensemble
barócach lonnaithe i nDurban. Thaifead sé an dlúthdhiosca Under The Green Time Album de cheol Roger Doyle
leis an Netherlands Blazers ensemble
Bhí sé ar theilifís agus radio in Eirinn agus tá
sé ar dhlúthdhiosca an Bhanna ceoil Bevel Jenny -'above
the clouds' Níos túisce i mBliana bhí
sé ar dhuine de na gné-cheoltóirí ag an bhFéile Snakes
and Ladders 2007sa
lárionad airgeadais
domhanda i Nua Eabhrac. Seoladh Tionchar an
chéad
dlúthdhiosca uaidh féin
i samhradh na bliana 2008.
Le deanaí chríochnaigh Brian camchuairt gairid
in Éirinn agus Nua Eabhrac d'Fhéile Snakes and Ladders 2009 in éindí
le ceoltóirí agus cumadáoirí eile. Is féidir an píosa ceol a choimisiúnadh
don fhéile seo a chloisteáil má bhrúnn tú ar an gcnaipín 'Nua'
|