Éist
Choimisiúnaigh Daniel Figgis an píosa seo ó Bhrian le haghaidh trí léirithe a bhí mar chuid d'fhéile Snakes and Ladders sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath, in Amharclann Cheoldrámaíochta Loch Garman (Wexford Opera House), agus in SymphonySpace i mBroadway, Nua Eabhrac. Tá an píosa bunaithe go scaoilte ar an bpíosa tuairisciúil Máirseáil Alustrum as bailiúchán ceoil an Chanónaigh Goodman, bailiúchán de cheol píobaireachta ó réigiún na Mumhan. Is athchóiriúcháin iad an chéad chuid agus an dara cuid, le cóiriú nua, ar dhá chuid de Mháirseáil Alustrum. Is cóiriú é an tríú cuid ar an bhfonn Steòrnabhagh / Stornoway, arbh fhonn salm ó dhúchas é ó Oileáin Iarthair na hAlban. Tá an píosa deiridh nuachumtha.
Seo píosa amháin as sraith a thaifead Brian ag baint úsáid as cuid de na foinn a úsáidtear chun na Sailm a chanadh ag comhthionóil Eaglais na h-Alba agus An Eaglais Shaor in Oileán Leòdhais. Chuaigh na foinn, a tháinig ó dhúchas as ísealchríocha na hAlban nó as Sasana (seachas "Stornoway/Steòrnabhagh," a bhfuil cóiriú de le cloisteáil ar Left-handed March), faoi phróiseas athchultúraithe i measc phobail Ghaelacha na Gharbhchríocha / Gaidhealtachd, ó thaobh luas, maisiú na hamhránaíochta, agus, i gcásanna áirithe, coigeartú na scála, de. Is fiú go mór iad a chloisteáil ina bhfoirm bhunaidh sa séipéal, le 'fear togail an fhuinn' / precentor agus pobal, gan comhcheol ná uirlis ar bith. Ó mhí na Nollag 2011 i leith, ceadaítear san Eaglais Shaor uirlisí a úsáid agus iomainn a chanadh ina gcuid seirbhísí, agus b'fhéidir nach mairfidh an traidisiún i bhfad eile. Déanann an píosa seo iarracht cuid de thionchar mothúchánach na hamhránaíochta seo a chur in iúl.
Sliocht is ea seo as cúpla fonn le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin, arna sheinm ag an ngrúpa Baroque 2000 i séipéal San Olaf i nDurban, san Afraic Theas, i mí Dheireadh Fómhair 2004, ag críochnú le 'Minuet in G' le Bach. Taifeadadh an ceolchoirm do South Africa FM.
Is athmheascadh é seo den Balintore Fancy, atá le fáil ar an albam Tionchar / Influence. Is le Daniel Figgis / Educution an t-athmheascadh.