Na Ceoltóirí ar Tionchar

Baile
 
Faoi
 
Tionchar
 
teagmhail
 
nascanna
 
 

Mary Crossin (McKeever)

Is as Doire o dhúchas do Mary Crossin agus ta cónaí anois uirthi i dTír Chonaill. Bhí spéis mhór aici sa cheol ón uair a bhí sí óg agus bhí sí páirteach in iliomad leiriúcháin scoile agus cóireanna.Ar bhogadh go Tír Chonaill di cúpla bliain ó shin mhéadaigh a cuid eolais agus a cuid tuisceana ar an cheol traidisiúnta le linn di bheith ag freastal ar scoil cheol triaidisiúnta ar an Fhál Charrach.D'fhorbair sí a stíl amhránaíochta féin stíl 'comhaimseartha le casadh traidisiúnta'.D'oibrigh sí agus thaifead sí le hamhránaithe agus cumadóirí ó iarthar Thír Chonaill agus bhí sí ag canadh freisin le bannaí eile san Iarthuaisceart.Faoi láthair tá sí ag foghlaim na Cruite agus bíonn sí ag seinnt go rialta lena fear céile Martin Crossin, píobaire uilleann. Tá sé i gceist ag an bheirt dlúthdhiosca dá gcuid féin a thaifeadadh amach anseo

Caoimhe Hogarty

Is as Tamhlacht i mBaile Átha Cliath ó dhúchas do Caoimhe Hogarty. Céimí urnua de chuid chúrsa cheoil traidisiúnta Choláiste Bhaile Thormaid is ea í agus roimhe sin bhí sí ar chúrsa Roc-cheoil sa choláiste céanna. Tá sí ag canadh ón uair a bhí sí óg ach níor chuir sí spéis sa cheol traidisiúnta go dtí go raibh sí sna hard-déaganna. Is amhránaí ar leith cumasach í a bhfuil de bhua aici amhrán a thógáíl agus a cuid féin a dhéanamh de. Tá tairbhe bainte aici as teagasc na namhránaithe Niamh Parsons agus máistir amhránaíochta Bhaile Átha Cliath Frank Harte nach maireann a spreag a cuid spéise i mbailiú agus caoimhniú amhrán traidisiúnta.

 

 

 

 

 

 

Andrea Hunger

D'fhas Andrea aníos i dteaghlach ceolmhar agus bhí cion aici ar an amhránaíocht ón uair a bhí sí óg.Ina tír dhúchais , An Eilvéis, chan sí i gcóranna éagsúla a raibh éagsúlacht ceoil acu, maraon le ceachtanna ceoil a thogáil i ngléasanna éagsúla, ina measc an veidhlín. Sa bhliain 2005 bhog Andrea go Baile Átha Cliath áith a ndearna sí Ard-dioplóma náisiúnta i gceol traidisiúnta thar tréimhse dhá bhliana i gcoláiste Bhaile Thormaid. Faoi láthair tá sí ag staidéar le haghaidh BA i gceol feidhmeach in Institiúid teicneolaíochta Dhún Dealgan..

 

Páraic Ó Farachtáin

Ta seinnte ag Páraic mar amhranaí agus mar sheinnteoir méarchlár le iliomad bannaí agus tá camchuairdeanna déanta aige leo in Éirinn, in Albain, i Sasana, sa Fhrainc, sa Bhriotáin agus sa Ghearmáin. Maraon le bheith ina scrbhneoir amhrán, tá sé gafa go mór le cóiriú ceol-uirlise traidisiúnta. Ta spéis aige le fada an lá sa cheol traidisiúnta agus i gceol Roc agus tá sé ag cur níos mó spéise i snagcheol don phianó le tamall anuas.Is duine de bhunatheoirí an ghrúpa comhaimsireach cheol nua-chumtha agus traidisiúnta Bevel Jenny, agus tá páirt lárnach aige i bpróiséas cruthaithech an ghrúpa. Sheinn sé freisin le Foundland, Child agus Martin agus Áine Furey ón ngrúpa Bohinta. Maraon le bheith páirteach i Tionchar faoi láthair tá sé ag obair ar ábhar nuachumtha a bhéas mar bhunchloch ag taifeadadh nua Bevel Jenny.

Mary Crossin (McKeever)

     
Caoimhe Hogarty
     
 
Tony Byrne
     
   
Andrea Hunger    
     
   
Páraic Ó Farachtáin