Brian Ó hUiginn

Baile
 
Faoi
 
Tionchar
 
ceoltoiri
 
Nascanna
 
teagmhail
 

 

Mar chuid den fhéile Tabernacle Folk 2013, Beidh Brian, Gavin Ralston agus Darragh Morgan ag seinnt ar an Satharn an 6ú lá d'aibreán ag tosú ag a 9 i.n. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó:

Tabernacle Folk

 

Seoladh 'On The Nature Of Electricity & Acoustics'

Déanfar an t-Album 'On The Nature Of Electricity & Acoustics' ó Heresy Records a sheoladh go hoifigiúil i mí Márta 2013. Is bailiúchan é seo de phíosaí ceoil ó chumadóiri Éireannacha éagsúla (i measc na bpíosaí,sliocht ó Left-Handed March, píosa a coimisiúnadh ó Bhrian ag Daniel Figgis). Beidh an t-albam ar fáil ó iTunes ón 26ú Márta agus ó shiopaí roimhe sin.

 

Tuilleadh fuaimrianta ar an suíomh

Éist le tuilleadh ceoil ó Bhrian ar ar an leathanach nua le haghaidh Fuaimrianta ó thionscnaimh cheoil éagsúla idir shean agus nua.Tá tuilleadh fuaimrianta ón Albam Tionchar le cloisteáil freisin

 

 

 

Físeán ó Tabernacle Folk

Brian, Darragh Morgan agus Tunde Jegede ag seinnt sa'Tabernacle' Notting Hill Londain mí Aibreáin 2011 mar chuid den fhéile 'Tabernacle Folk'

 

Left Handed March MP3

Píosa ceoil é seo a coimisiúnadh ag Daniel Figgis le haghaidh trí cheolchoirmeacha a bhí mar chuid den fhéile Snakes and Ladders, féile a bhí ar siúil sa Cheoláras Náisiúnta, Baile Átha Cliath, san Opera House, Loch Garman, agus i SymphonySpace, i mBroadway, Nua Eabhrac. Tógáil scaoilte ar an bpíosa Máirseáil Alustrum atá i gceist ó bhailiúcháin an Chanónaigh Goodman de cheol chúige Mumhan. Atheagrú le cóirithe nua de dhá chuid de Máirseáil Alustrum atá sa chéad agus sa dara chuid den taifeadadh seo. Is cóiriú den Sailm Steornabhagh ó Oileáin Siar na hAlban atá sa tríú chuid agus is píosa nuascríofa atá sa phíosa deiridh.

Éist le 'Left Handed March'

 

The Irish American: Ceolchoirm leis an Fidelio trio, King's Place Londain, 23ú agus 24ú Aibreán

Mar chuid den fhéile seo a bheas ag díriú ar ghnéithe de cheol nuachumtha ó Mheiriceá agus ó Éirinn, beidh Brian ag seinnt leis an Fidelio trio le haghaidh Under The Green Time ar an Aoine an 23ú Aibreán agus le Darragh Morgan,Mary Dullea agus Nick Perry le haghaidh ceolchoirm cheol Traidisiúnta ar an Sathairn an 24ú